Friday 28 February 2014

Ag ceilúireadh Seachtain na Gaeilge le Leabharlann Chontae an Chláir

Maidir leis an suíomh idirline www.snag.ie, tá na himeachtaí cláraithe, tá an aip réidh, agus tá Seachtain na Gaeilge seolta ó cheann ceann na tire! Beidh páirt le glacadh ag Leabharlann Contae an Chláir sa cheiliúradh leis na himeachtaí atá beartaithe go speisíalta acu do dhaltaí bunscoile agus meanscoile i rith na seachtainne.

First and second classes in primary schools are invited to seisiúin scéalaíochta in library branches delivered by Teresa Carmody O’Shea and Seamus Ryan. And local illustrator and founder of the children’s comic RíRá, Aidan Courtney, will be with us to present workshops through Irish for budding illustrators.

Is file í Doireann a scríobhann as Gaeilge agus as Béarla araon. Tá filíocht léi foilsithe i réimse leathan irisí in Éirinn agus go hidirnáisiúnta: san Fhrainc, i Meicsiceo, sna SAM, in Albain agus i Sasana. Bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht uirthi faoi dhó (i 2011 agus i 2013). D’fhoilsigh Coiscéim an chéad cnuasach léi, dár dteideal Résheoid, agus a dara chnuasach Dúlasair. Tá a leabhairín Dordéan, Do Chroí ar fáil ó Smithereens Press. Bhuaigh sí duais filíochta Ghaeilge Wigtown 2012- duais náisiúnta filíochta na hAlbain. Ainmníodh í do duais Pushcart 2013 (S.A.M.)

Poetry and short story writing will be explored in branches of Clare County Library during Seachtain na Gaeilge 2014. On March 7th prize-winning poet Doireann Ní Ghríofa will visit Ennis and Shannon Libraries to work with groups of students. She will read from her own work and encourage classes attending to engage their imaginations in writing a poem or two of their own to be shared and discussed among the group.

Scríobhann Ré Ó Laighléis ábhar ficsin don pháiste, don déagóir agus don léitheoir fásta, é sin idir Ghaeilge agus Bhéarla. Tá aistriúcháin déanta go forleathan ar a chuid úrscéalta agus cnuasaigh gearrscéalta agus tá iliomad duaiseanna agus gradaim bronnta air.

Giving two workshops for second level students in Scariff and Tulla libraries during Seachtain na Gaeilge, Ré will speak on his life as a writer, focusing particularly on writing for a teenage readership. He will give an insight into the writing of his novels with lots of inspirational advice on the importance of reading and writing for life. These sessions will take place on the 5th of March. Full details of events are available from library branches.

No comments: